RAIDIÓ POBAIL MAR FHORBAIRT PHOBAIL

Is eagraíocht forbartha pobail go príomha é NEARfm a úsáideann an raidió mar mheán. Is é atá i gceist le forbairt phobail cumhacht a thabhairt do dhaoine áitiúla trí eolas agus scileanna a thabhairt dóibh, chomh maith le féiniúlacht pobail a fhorbairt. Is gléas sainiúil é an raidió pobail sa mhéid seo:

Trí thraenáil a thabhairt i scileanna cumarsáide agus rochtain ar na haerthonnta a thabhairt, cabhraíonn NEARfm leis na nithe seo a leanas:

Malartú eolais, cruthú gréasáin i measc grúpa daoine, scileanna agus traenáil a chur ar fáil - rudaí atá riachtanach i dtaca le comhphobal a fhorbairt:

Tuiscint a chur chun cinn faoi na grúpaí pobail agus na háiseanna go léir atá sa cheantar.

Cumhacht a thabhairt do na grúpaí seo chun iad féin a chur chun cinn agus labhairt go díreach leis an bpobal.

Feidhmíonn stáisiún raidió pobail mar phointe fócais d'fhorbairt phobail, agus spreagann sé na nithe seo thuas sa mhéid gur fhág na mór-mheáin go leor de na grúpaí seo as an áireamh go traidisiúnta mar nach bhfuil ar chumas na mór-mheán déileáil go cuimsitheach le cúraimí agus fadhbanna a bhaineann le pobail ar leith. Is meán daonlathach é an raidió pobail a chabhraíonn le heagraíochtaí poiblí agus deonacha, mar chuid den earnáil atá ag teacht chun cinn a bhaineann le forbairt phobail neamhbhrabúsach.

Molann sé réimse gníomhaíochtaí chun é seo a bhaint amach.