RÉIMSE GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Gníomhaíochtaí Sóisialta
Úsáidfimid an tseirbhís raidió seo chun cur le cumas an phobail áitiúil oibriú lena chéile ionas go mbeidh siad in ann tabhairt faoi fhadhbanna sóisialta éagsúla, mar shampla, an bochtanas nó daoine a bheith fágtha taobh amuigh den phobal. Má thugtar guth do dhaoine a mbíonn taithí acu leis na fadhbanna seo, gach seans go ndéanfar polasaithe níos fearr agus níos éifeachtaí.

Gníomhaíochtaí Cruthaitheacha
Tiocfaimid ar an tallann cruthaitheach sa chomhphobal agus tabharfaimid tacaíocht dó.

Gníomhaíochtaí Oideachasúla
Teastaíonn uainn oibriú níos gaire don earnáil phoiblí - na húdaráis áitiúla agus ranna stáit ar nós Sláinte, Oideachas, Ealaíona, agus Comhshaol - chun oideachas do dhaoine de gach aois a chur chun cinn, agus
tacú le sláinte daoine agus sláinte na timpeallachta. Comhoibreoimid freisin le grúpaí feachtais chun tuiscint níos fearr a chothú faoi bhuncheisteanna daonna.

Gníomhaíochtaí Eolais
Tá sé i gceist an tseirbhís chumarsáide pobail seo a úsáid mar chineál 'ionad bailithe agus dáiliúcháin eolais' ar mhaithe leis na hearnálacha deonacha agus poiblí. Cothófar tuiscint faoi na seirbhísí, ionas nach
ndéanfar rudaí faoi dhó. Cruthófar polasaithe a thabharfaidh an earnáil phríobháideach i bpáirtíocht leis an dá earnáil eile.