AIDHMEANNA AGUS CUSPÓIRÍ

Stáisiún raidió pobail a reáchtáil taobh istigh de scéim raidió pobail an Choimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspeách.

Traenáil agus deiseanna craolta a thabhairt do ghrúpaí a fágadh taobh amuigh de na mórmheáin go traidisiúnta.

Raidió pobail a bheith ina chuid thábhachtach d'fhorbairt phobail agus den earnáil phobail agus dheonach.

Cur le cumas daoine áitiúla oibriú lena chéile - tríd an raidió – ionas go mbeidh siad in ann tabhairt faoi fhadhbanna sóisialta éagsúla, mar shampla, an bochtanas nó daoine a bheith fágtha taobh amuigh den phobal.

Buanna cruthaitheacha an phobail a chothú, agus fóram a chur ar fáil le haghaidh réimse tuairimí agus eolais.