Freastalaíonn
Raidió Pobail ar phobal áitiúil nó ar
phobal a bhfuil spéis ar leith aige. Tá an bhéim
ar ghné an daonlathais a chur chun cinn sna meáin chumarsáide.
Is í an aidhm go mbeadh teagmháil ag an bpobal leis
na meáin, go mbeadh seilbh ag an bpobal ar na meáin,
go dtabharfaí éisteacht don phobal nuair a bheadh cinneadh
á dhéanamh agus go mbeadh baint ag an bpobal leis na
cláracha a dhéantar.
Is é an pobal a dhéanann na cláracha, agus bíonn
béim ar nithe a bhaineann leis an bpobal áitiúil.
Is í an difríocht ná go ndéanann na daoine
féin na cláracha in ionad díreach a bheith ag
caint faoin bpobal. Neartaíonn sé seo an cultúr
áitiúil sa mhéid go n-aithníonn daoine
gur leo féin an stáisiún.
Fóram is ea an stáisiún do réimse leathan
de thuairimí áitiúla. In ionad a bheith ag iarraidh
'íomhá' aonchineálach a chruthú faoi mar
a dhéanann na stáisiúin mhóra, bíonn
meas ar an éagsúlacht agus tugtar spreagadh di.
Bíonn an stáisiún ina iomláine fós
in ann 'aitheantas' dá chuid féin a bheith aige, ach
is féidir leis seo a bheith bunaithe ar an éagsúlacht
agus ar iolrachas. |